Ceithre bhaile fearainn i nGabhla, Ceathrú na Binne, Port an Chrainn, Ard na Máinsear agus Mullach an Aird.
Bhí cnoc ann agus a cuimhní ar bháid a chonaic sí amuigh ar an fharraige lá amháin i rith am an chogaidh, conbhua (convoy) a bhí ann ach chuir sé eagla uirthi. Bhí siad ag tabhairt bia agus thuilleadh go Sasana ach tháinig na Gearmánaigh orthu agus chuala siad ar an nuacht ar an ráidio gur cailleadh cuid mhór de na báid an lá sin. Bhí cnoic eile dárbh ainm na Beanna Gorma i nGabhla agus Poll an Dúbhaidh, bhí tobar fíoruisce ansin. Tá an tobar ann go fóill ach ní úsáidtear é anois. Bhí Poll an Duileaisc ann fosta. | 00:03:43 | |